Heritage Council and Teagasc Celebrate Ireland’s Grassland Biodiversity at National Event in Birr
Celebrating Ireland's grasslands.
Celebrating Ireland's grasslands.
The Heritage Council, in partnership with the School of History at University College Dublin (UCD), is proud to announce a new bursary to support students undertaking the MA in Archives and Records Management.
132 projects receive €1.9 million
Roinnfear cistiú €2m idir 14 bhaile stairiúla faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla (HTI) 2025.
Fáiltíonn an Chomhairle Oidhreachta roimh chéad Phlean Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht Uíbh Fhailí a sheoladh.
Tá grúpaí pobail ar fud na hÉireann á spreagadh chun iarratas a dhéanamh chuig scéim na Comhairle Oidhreachta maidir le Séadchomhartha a Uchtú, a bhfuil mar aidhm léi pobail áitiúla a chumhachtú ról níos gníomhaí a ghlacadh i leith aire a thabhairt do shéadchomhartha áitiúil a bhfuil an-ghean air agus é a chaomhnú. Leis an scéim maidir le Séadchomhartha a Uchtú, tairgtear saineolas, meantóireacht agus tacaíocht do phobail chun cabhrú leo aire a thabhairt dá n-oidhreacht áitiúil.
Ó tosaíodh an scéim den chéad uair sa bhliain 2016, ‘d’uchtaigh’ 30 grúpa ar fud na hÉireann séadchomharthaí ina limistéar áitiúil. Áirítear leo sin liosanna, foirgnimh thionsclaíocha den 19ú haois, eaglaisí meánaoiseacha, agus caisleán Gaelach.
Tá raon ollmhór láithreán oidhreachta le fáil ar fud na hÉireann, lena n-áirítear tuamaí ársa, ciorcail liaga, luathmhainistreacha, caisleáin, eaglaisí agus reiligí, eastáit talún, mianaigh, áitheanna, muilte, tithe traidisiúnta, agus láithreacha catha. Leis an Scéim maidir le Séadchomhartha a Uchtú, glactar dearcadh an-leathan i leith cad is oidhreacht ann. Dá réir sin, is féidir le grúpaí pobail díograiseacha fud fad na hÉireann iarratas a dhéanamh chuig an scéim chun láithreán atá tábhachtach dóibh a uchtú.
Is é aidhm na scéime ná go mbeidh an séadchomhartha roghnaithe ina phointe fócasach do ghníomhaíochtaí oidhreachta, oideachais agus áineasa agus go spreagfaidh sé meas méadaithe agus tuiscint mhéadaithe ar an oidhreacht áitiúil.
Ag labhairt di i bhfabhar na scéime ag an gComhairle Oidhreachta, dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:
“Leis an Scéim maidir le Séadchomhartha a Uchtú, tugtar deis iontach dúinn a chinntiú go mbeidh ár séadchomharthaí ina gcuid dhílis den phobal go deo. Teastaíonn saineolas agus acmhainní a bhfuil géarghá leo chun séadchomharthaí a chothabháil agus aire a thabhairt dóibh, agus is iad an saineolas agus na hacmhainní sin a sholáthraítear faoin scéim seo. Is féidir linn an éifeacht dhearfach a bhí ag an scéim ar na limistéir sin inar uchtaíodh séadchomhartha a fheiceáil cheana féin, agus is mórúdar sásaimh dúinn an t-ómós áite agus an luach cathartha méadaithe a tháinig as iarrachtaí ár ngrúpaí pobail tiomanta.”
Tá an Chomhairle Oidhreachta ag iarraidh ar ghrúpaí leasmhara iarratas a dhéanamh chuig an scéim anois. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais ná an 21 Márta 2025. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin scéim agus faoin bpróiseas iarratais a fháil anseo