Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ó grúpaí pobail agus eagraíochtaí seachbhrabúsach néamh rialtais timpeall na tíre don Scéim Deontais Oidhreachta Pobail 2024.
Tá réimse leathan tionscadal incháilithe le haghaidh maoiniú faoin scéim seo, na rudaí seo san áiremah
- Ceardlanna agus imeachtaí oiliúna ina gcuirtear dea-chleachtas oidhreachta chun cinn. Tá spéis ar leith againn in oiliúint scileanna tógála traidisiúnta, in oiliúint scileanna ceardaíochta, in oiliúint i dtaifeadadh reilige agus in oiliúint bithéagsúlachta.
- Forbairt Acmhainní Digiteacha Oidhreachta, lena digitiú, taispeántais ar líne, taifeadtaí stair bhéil, podchraoltaí, agus scannáin. Is gá duit a chinntiú go mbeidh na haschuir dhigiteacha a chruthóidh tú le cistiú deontais ar fáil, ar oscailt agus inrochtana.
- Suirbhéanna, tuarascálacha, pleananna, agus iniúchtaí caomhantais lena gcuirfear bonn eolais faoi bhainistiú foirgneamh agus séadchomharthaí, gnáthóg, bailiúchán nó rudaí amach anseo.
- Oibreacha caomhantais ar fhoirgnimh, ar shéadchomharthaí, ar ghnáthóga, ar bhailiúcháin, nó ar rudaí.
- Saintrealamh a cheannach.
Is é atá i gceist leis an scéim seo pobail agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a chumasú leanúint lena gcuid oibre sa réimse seo nó tús a chur le tionscnaimh nua.
Creat ama tionscadail
Ní fhéadfar ach tionscadail ar féidir iad a thosú tar éis dáta tairisceana go luath i mí na Bealtaine agus ar féidir iad a chríochnú roimh an 15 Samhain 2024 a bhreithniú lena gcistiú faoin scéim seo.
Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh?
Tá an scéim ar oscailt dóibh seo a leanas:
- Grúpaí deonacha agus pobail, mar shampla comhairlí paróiste, grúpaí bailte slachtmhara, grúpaí gníomhaíochta áitiúla, etc.
- Eagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n-áirítear iontaobhais neamhbhrabúis.
- Rannpháirtithe sa Chlár um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn (eagraíochtaí neamhrialtasacha amháin)
- Rannpháirtithe sa Chlár maidir le Séadchomhartha a Uchtú.
Treoirdhoiciméad Iarratais
Féach ar/íoslódáil an treoirdhoiciméad iarratais don Scéim Deontais Oidhreachta Pobail thíos.
Conas agus cén uair is féidir iarratas a dhéanamh
Ní mór duit iarratas a dhéanamh trí chóras deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta. Ní ghlacaimid ach le foirmeacha a chuirtear isteach ar líne. Ní sholáthraímid foirmeacha páipéir.
Ní ghlacaimid le foirmeacha páipéir ach oiread. Tabhair faoi deara go mbeidh Córas nua Deontas Ar Líne i mbun feidhme don bhliain 2024. Beidh ort Clárú ar dtús sular féidir leat tús a chur le d’iarratas.
Chun d’iarratas a bhreithniú, ní mór dúinn d’iarratas ar líne agus na doiciméid tacaíochta a fháil faoin dáta seo a leanas: 5pm, an 25 Márta 2024.
Ní ghlacfar le hiarratais ná le haon fhaisnéis bhreise tar éis an ama sin. Cuirfimid in iúl duit i scríbhinn cé acu a d’éirigh nó nár éirigh le d’iarratas i mí na Bealtaine 2024.
Iarratas maidir le Teagmháil a Dhéanamh
Agus comhairle ón Rialtas i dtaobh COVID-19 agus treoir maidir le hObair ón mBaile á leanúint againn chomh fada agus is féidir, tá socruithe cianoibre curtha i bhfeidhm againn. Iarraimid, nuair is féidir, gach cumarsáid a dhéanamh linn go leictreonach ionas gur féidir linn iad a fháil agus iad a fhreagairt go pras. mailto:grants@heritagecouncil.ie
Tionscadail Chistithe Cheanna
Sa bhfíseán seo labhraíonn Deirdre Ní Chonghaile faoi Bhailiúchán Béaloidis Árann, grúpa bunaithe ar Inis Mór a fuair maoiniú faoin scéim seo i 2023.