Scéim Deontais Oidhreachta Pobail

Scéim bhliantúil do ghrupaí pobail agus eagraíocht neamhrialtasach seachbhrabúsach timpeall na tíre chun tionscadal oidhreachta a bhaint amach.

Is é atá i gceist leis an scéim seo pobail agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a chumasú leanúint lena gcuid oibre sa réimse seo nó tús a chur le tionscnaimh nua.

Tá réimse leathan tionscadal incháilithe le haghaidh maoiniú faoin scéim seo, na rudaí seo san áiremah

  • Ceardlanna agus imeachtaí oiliúna ina gcuirtear dea-chleachtas oidhreachta chun cinn. Tá spéis ar leith againn in oiliúint scileanna tógála traidisiúnta, in oiliúint scileanna ceardaíochta, in oiliúint i dtaifeadadh reilige agus in oiliúint bithéagsúlachta..
  • Forbairt Acmhainní Digiteacha Oidhreachta,lena digitiú, taispeántais ar líne, taifeadtaí stair bhéil, podchraoltaí, agus scannáin.Tabhair faoi deara nach mór na haschuir dhigiteacha a chruthóidh tú le cistiú deontais a bheith ar fáil go poiblí, ar oscailt agus inrochtana.
  • Suirbhéanna, tuarascálacha, pleananna, agus iniúchtaí caomhantais lena gcuirfear bonn eolais faoi bhainistiú foirgneamh agus séadchomharthaí, gnáthóg, bailiúchán nó rudaí amach anseo.
  • Oibreacha caomhantais ar fhoirgnimh, ar shéadchomharthaí, ar ghnáthóga, ar bhailiúcháin, nó ar rudaí. Ní mór measúnú ar thionchair fhéideartha ar an mbithéagsúlacht agus ar an aeráid a bheith ar áireamh in oibreacha caomhantais agus ní mór breac-chuntas a thabhairt iontu ar bhearta atá ceaptha chun torthaí dearfacha a chinntiú. Mar shampla, athchóiriú gnáthóg, bainistiú inbhuanaithe speiceas ionrach, nó feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh oidhreachta.
  • Saintrealamh nó míreanna lena dtacaítear le caomhantas nó lena gcuirtear feabhas ar rochtain ar an oidhreacht a cheannach.

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh?

Tá an scéim ar oscailt dóibh seo a leanas:

  • Grúpaí deonacha agus pobail, mar shampla comhairlí paróiste, grúpaí bailte slachtmhara, grúpaí gníomhaíochta áitiúla, etc.
  • Eagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n-áirítear iontaobhais neamhbhrabúis.
  • Rannpháirtithe sa Chlár um Chaighdeáin Mhúsaeim in Éirinn (eagraíochtaí neamhrialtasacha amháin)
  • Rannpháirtithe sa Chlár maidir le Séadchomhartha a Uchtú.

Tabhair faoi deara: Ní mór don ghrúpa is iarratasóir cuntas reatha bainc/cuntas reatha comhar creidmheasa a bheith aige ina ainm féin.

Cé nach bhféadfaidh iarratas a dhéanamh?

Níl an scéim ar oscailt dóibh seo a leanas:

  • Cuideachtaí príobháideacha
  • Daoine aonair
  • Comhlachtaí poiblí nó eagraíochtaí poiblí atá faoi rialú díreach nó indíreach ag aon chomhlacht stáit nó ag aon chomhlacht eile.

Treoirdhoiciméad Iarratais

Is feidir an treoirdhoiciméad iarratais is deanaí a leamh thíos.

Treoirlínte d'Iarratais Deontais Digithe

Tabhair faoi deara nach mbreithneofar tionscadail digitithe ach amháin i gcás go soláthrófar fianaise á léiriú gur catalógaíodh an bailiúchán cheana féin nó go gcatalógófar é mar chuid de do thogra.

Conas agus cén uair is féidir iarratas a dhéanamh

Ní mór duit iarratas a dhéanamh trí chóras deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta. Ní ghlacaimid ach le foirmeacha a chuirtear isteach ar líne. Ní sholáthraímid foirmeacha páipéir.

Bhí an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná an 14ú Márta 2025 ag 11:30 i.n. Ní glacfar le iarratais nó le breis eolais i ndiaidh an dáta seo. Cuirfear na hiarratasóirí ar an eolas, i scríbhinn, faoi toradh a chuid iarratas i mí Bealtaine 2025.

Iarraidh maidir le cumarsáid

Iarraimid go seolfaí fiosruithe go leictreonach chugainn, nuair is féidir, ionas go mbeimid in ann iad a fháil agus freagra a thabhairt orthu ar
bhealach níos praise. Seol ríomhphost chuig grants@heritagecouncil.ie
Go raibh maith agat roimh ré as ucht do chomhoibrithe.

Tionscadail Chistithe Cheanna

Sa bhfíseán seo labhraíonn Deirdre Ní Chonghaile faoi Bhailiúchán Béaloidis Árann, grúpa bunaithe ar Inis Mór a fuair maoiniú faoin scéim seo i 2023.