Fógraíodh cistiú €2m do 14 bhaile stairiúla faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla

Nuacht

Roinnfear cistiú €2m idir 14 bhaile stairiúla faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla (HTI) 2025.

D’fhógair an Chomhairle Oidhreachta agus an tAire Stáit Christopher O’Sullivan, TD agus an tAire James Browne, TD, go roinnfear cistiú €2m idir 14 bhaile stairiúla faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla (HTI) 2025. Comhthogra é HTI idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Chomhairle Oidhreachta. Cuirfidh an cistiú €2m athnuachan faoi stiúir na hoidhreachta chun cinn agus tacóidh sé le scileanna tógála traidisiúnta.

Leanfaidh scéim na bliana seo ar aghaidh tar éis na cláir an-rathúla a cuireadh ar siúl idir 2018 agus 2024. Fáiltíonn an HTI roimh thograí chun foirgnimh stairiúla a chaomhnú agus a athúsáid, agus tacóidh an cistiú a bhronnfar i mbliana le húsáidí cónaithe, gnó, agus pobail i mbailte ar fud na hÉireann.

Bronnfar cistiú ar na húdaráis áitiúla ábhartha do dheich dtionscadal caomhnaithe sna háiteanna a leanas:

  • Trá Lí, Contae Chiarraí;
  • Na Gleannta, Contae Dhún na nGall;
  • Béal na mBuillí, Contae Ros Comáin;
  • Lios Mór, Contae Phort Láirge;
  • Cluain Eois, Contae Mhuineacháin;
  • Maigh Chromtha, Contae Chorcaí;
  • Baile Chaisleáin Bhéarra, Contae Chorcaí;
  • Mainistir na Corann, Contae Chorcaí;
  • Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo;
  • Baile an Mhóta, Contae Shligigh:

Anuas ar cheithre phlean chun cúnamh a thabhairt d’athnuachan faoi stiúir na hoidhreachta sna háiteanna a leanas:

  • Eochaill, Contae Chorcaí;
  • Cill Mhaighneann, Cathair Bhaile Átha Cliath;
  • Ráth Bhoth, Contae Dhún na nGall;
  • Na Clocha Liatha, Contae Chill Mhantáin;

Ag trácht dó, dúirt an tAire Stáit Dúlra, Oidhreachta agus Bithéagsúlachta, Christopher O’Sullivan, TD:

“Baineann níos mó ná díreach foirgnimh a chaomhnú le hinfheistiú inár mbailte stairiúla – baineann beocht nua a chur i bpobail, tacú le geilleagair áitiúla, agus a chinntiú go leanann ár n-oidhreacht leis na glúnta amach anseo a shaibhriú leis. Cabhróidh an cistiú seo le bailte ar fud na hÉireann a lánchumas a bhaint amach tríd an sráid-dreach a fheabhsú, nithe is díol spéise do chuairteoirí, spásanna pobail agus cóiríocht a chruthú agus a n-oidhreacht stairiúil ar leith á cosaint san am céanna.

Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, TD, freisin:

“Tá fíordhifríocht á déanamh ag Tionscnamh na mBailte Stairiúla trí dhul i ngleic le folúntas agus dearóiliú agus meas á léiriú san am céanna ar charachtar ár n-oidhreachta tógtha. Trí thacú le réadmhaoin stairiúil a athúsáid, táimid ag cabhrú le láir bheoga bhaile ar áiteanna iontach le cónaí agus le hobair iontu, agus le cuairt a thabhairt orthu.”

Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta:

“Neartaíonn athnuachan faoi stiúir na hoidhreachta pobail trí mhórtas ceantair agus trí scileanna traidisiúnta a chothú. Táimid ag obair go dlúth le húdaráis áitiúla agus le pobail trí Thionscnamh na mBailte Stairiúla lena chinntiú go leanann ár mbailte stairiúla de bheith i gceartlár bheatha chultúrtha agus gheilleagrach na hÉireann.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Eolas faoin gComhairle Oidhreachta: Bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta faoin Acht Oidhreachta, 1995 agus tá freagracht uirthi beartais agus tosaíochtaí a bheartú don oidhreacht náisiúnta. Oibríonn sí i gcomhar le réimse gníomhaireachtaí, pobal agus daoine aonair chun an t-oideachas, taitneamh agus tuiscint ar ár n-oidhreacht náisiúnta a chur chun cinn. Chun teacht ar bhreis faisnéise, tabhair cuairt ar: www.heritagecouncil.ie.

Sonraí faoi thionscadail agus an cistiú a bronnadh in 2025:

Trá Lí, Contae Chiarraí: Tacóidh an tionscadal seo le húinéirí foirgnimh tabhairt faoi uasghrádú faoi stiúir caomhnú ar fhoirgnimh ar Shráid an Chaisleáin. Díreofar sa scéim ar an sráid-dreach a fheabhsú trí aghaidheanna foirgnimh a fheabhsú agus trí ghnéithe stairiúla a dheisiú agus tacófar le húinéirí foirgnimh fholmha a fhorbairt, go háirithe ar leibhéal urláir uachtaraigh. Leanann an tionscadal seo as tuarascáil tosaigh a choimisiúnaigh Cumann Tráchtála Thrá Lí lenar thacaigh an Chomhairle Oidhreachta in 2024. €100,000

Na Gleannta, Contae Dhún na nGall: Cuirfidh an bronnadh seo le dul chun cinn a rinneadh in 2024 ag Teach na Labhras, atá bainteach leis an scríbhneoir Brian Friel. Is éard a bhaineann le tionscadal 2025 obair le hIontaobhas Brian Friel chun úsáid a bhaint arís as Na Labhrais (The Laurels) (áit chónaithe mháthair Brian Friel sna Gleannta) mar áit chónaithe d’fheighlí agus/nó d’ealaíontóir, agus mar ní is díol spéise do chuairteoirí le saothair liteartha Brian Friel agus a stair theaghlaigh agus a cheangal leis an Struchtúir faoi Chosaint seo a chur in iúl. €300,000

Béal na mBuillí, Contae Ros Comáin: Tacóidh an deontas seo le trí phríomhréadmhaoin stairiúla a chaomhnú atá lonnaithe ar Shráid an Bhábhúin, Sráid an Teampaill agus Sráid Ail Finn agus tabharfar faoi ar bhonn céimnithe i rith 2025-26. €138,000

Lios Mór, Contae Phort Láirge: Athfhorbrófar sa tionscadal seo iarfhoirgneamh Bhanc na hÉireann ina áis cóiríochta gearrchuairte do thurasóirí ina mbeidh meascán de sheomraí leapa d’aíonna agus seomraí aíonna chun cóiríocht a sholáthar do 12 dhuine. €200,000

Cluain Eois, Contae Mhuineacháin: Tá Príosún Theach Cúirte Chluain Eois folamh agus tréigthe faoi láthair agus teastaíonn oibreacha chun an struchtúr a tógadh in 1842 a chaomhnú agus a chosaint. I measc na n-oibreacha a bheartaítear, tá cobhsú an struchtúir reatha agus díon sealadach a chur air, deisiúcháin a dhéanamh ar bhallaí agus ar bhunghnéithe eile chun spás a dhéanamh de ar féidir leis an bpobal é a úsáid. Tabharfar faoi seo idir 2025 agus 2026. €140,000

Maigh Chromtha, Contae Chorcaí: Is éard a bhaineann leis an tionscadal a bheartaítear ná oibreacha caomhnaithe bunriachtanacha ar Theach Geata Chaisleán Mhaigh Chromtha agus ar ingearchló na Cearnóige Thiar, a bhfuil drochbhail air faoi láthair. €200,000

Baile Chaisleáin Bhéarra, Contae Chorcaí: Is í an aidhm don tionscadal seo ionad pobail beoga a dhéanamh den athfhorbairt ar iar-Shéipéal Pheadair do Bhaile Chaisleáin Bhéarra. Cumasóidh é seo oibreacha caomhnaithe a dhéanamh ar an díon, an tsaoirseacht, na fuinneoga, an cloigtheach agus oibreacha ar an taobh istigh, an tsaoirseacht/na ballaí, an t-urlár, an saothar adhmaid/an tsiúinéireacht ina measc. €250,000

Mainistir na Corann, Contae Chorcaí: Cumasóidh an bronnadh tabhairt faoi oibreacha caomhnaithe ar chúpóla an dín agus ar fhuinneoga. Caomhnófar go hiomlán an cúpóla ar leibhéal an dín le saothar nua luaidhe agus déanfar an clog, an eite ghaoithe agus an cloigín a athchóiriú go hiomlán. Cuirfear fuinneoga nua adhmaid in ionad na bhfuinneog UPVC atá ann faoi láthair. €332,000

Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo: Tabharfar faoi oibreacha ar fhuinneoga iarfhoirgneamh an bhainc ina bhfuil Bailiúchán Jackie Clarke de cháipéisí stairiúla faoi láthair. Titfidh oibreacha caomhnaithe amach chomh maith ar fhoirgnimh áirithe ar Shráid an Bhreathnaigh agus ar Shráid Tone. €120,000

Baile an Mhóta, Contae Shligigh: Tá an tionscadal ceaptha creatlach foirgnimh an iar-Thí Cúirte a dhéanamh slán. Déanfar obair freisin ar dhá fhoirgneamh eile a dhéanann na sciatháin ar an dá thaobh – an iar-Íoclann nach n-úsáidtear a thuilleadh/“an Seansiopa Milseán” agus teach tréigthe. Tá an chéad chéim bainte amach ag an tionscadal seo chun meath na bhfoirgneamh stairiúil tábhachtach seo a stopadh a tógadh i dtosach mar phointe fócais i lár stairiúil an bhaile.

Anuas air sin, bronnadh cistiú ar na húdaráis áitiúla ábhartha do 4 thionscadal athnuachana faoi stiúir na hoidhreachta. Tá súil leis go gcuirfear bonn eolais ar fáil sna pleananna siúd chun cistiú caomhnaithe a chur i bhfeidhm amach anseo in:

  • Eochaill, Contae Chorcaí: €50,000
  • Cill Mhaighneann, Cathair Bhaile Átha Cliath: €36,600
  • Ráth Bhoth, Contae Dhún na nGall: €50,000
  • Na Clocha Liatha, Contae Chill Mhantáin: €50,000

The Heritage Council, along with Minister of State Christopher O’Sullivan TD and Minister James Browne TD, today announced that 14 historic towns will share €2m in funding under the 2025 Historic Towns Initiative (HTI). The HTI is a joint initiative between the Department of Housing, Local Government and Heritage and the Heritage Council. The €2m funding will promote heritage-led regeneration and support traditional building skills.

This year’s scheme follows on from highly successful programmes from 2018 to 2024. The HTI welcomes proposals to conserve and re-use historic buildings, and this year’s awards will support residential, business, and community uses in towns across Ireland.

Funding will be awarded to the relevant local authorities for ten conservation projects in:

  • Tralee, Co Kerry;
  • Glenties, Co Donegal;
  • Strokestown, Co Roscommon;
  • Lismore, Co Waterford;
  • Clones, Co Monaghan;
  • Macroom, Co Cork;
  • Castletownbere, Co Cork;
  • Midleton, Co Cork;
  • Ballina, Co Mayo;
  • Ballymote, Co Sligo;

As well as four plans to aid heritage-led regeneration in

  • Youghal; Co Cork;
  • Kilmainham, Dublin City;
  • Raphoe, Co Donegal;
  • Greystones, Co Wicklow;

Commenting, Minister of State for Nature, Heritage and Biodiversity, Christopher O’Sullivan TD said:

“Investing in our historic towns is about more than just preserving buildings—it’s about breathing new life into communities, supporting local economies, and ensuring our heritage continues to enrich future generations. This funding will help towns across Ireland to unlock their potential through streetscape enhancement, creation of visitor attractions, community spaces and accommodation whilst protecting their unique historic heritage.

Minister for Housing, Local Government and Heritage, James Browne TD, added:

“The Historic Towns Initiative is making a real difference by tackling vacancy and dereliction while respecting the character of our built heritage. By supporting the reuse of historic properties, we are helping to create vibrant town centres that are great places to live, work, and visit.”

Chief Executive of the Heritage Council, Virginia Teehan commented:

“Heritage-led regeneration strengthens communities by fostering pride of place and sustaining traditional skills. Through the Historic Towns Initiative, we are working closely with local authorities and communities to ensure our historic towns remain at the heart of Ireland’s cultural and economic life.”