Comórtas do dhíograiseoirí brící LEGO® idir 4-12 bliain d’aois bunaithe ar oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann.
D’iarr an Chomhairle Oidhreachta ar pháistí ar fud na tíre a bheith cruthaitheach agus gné d’oidhreacht thógtha, nádúrtha nó chultúrtha na hÉireann a thaispeáint ag baint úsáide as brící LEGO®.
Dúnfar an comórtas d’iontrálacha ar 30 Samhain 2023.
Catagóirí Iontrála
Oidhreacht Thógtha: foirgnimh, séadchomhartha, struchtúir, srl.
Oidhreacht Nádurtha: fiaddhúlra, tírdhreach, flora, fána, uiscebhealach, srl.
Oidhreacht Chultúrtha: nósanna, cleachtais, damhsa, ceird, spóirt, earraí músaem, srl.
Catagóirí grúpa ; 4-7 bliana d’aois agus 8-12 bliana d’aois
Na Buaiteoirí 2023
4-7 bliana d’aois
Oidhreacht Thógtha
Buaiteoir- James Sturgeon, ‘Newgrange’
Beirt a thagann sa dara
Daniel O’Sullivan- ‘Drombeg Stone Circle’
Adi Srikumar, ‘Phoenix Monument on St. Patrick’s Night’
Oidhreacht Chultúrtha:
Buaiteoir- Harrison Mc Keoin, ‘Phil Lynnot’
Beirt a thagann sa dara
Christopher Walsh, ‘St. Patrick Banishing Snake’
Ciarán Ascough, ‘CIE Diesel Locomotive’
Oidhreacht Nádurtha
Buaiteoir- Cian Crowley, ‘Irish Lynx’
Beirt a thagann sa dara
Seán Gahan, ‘Heron’
Aoife Murphy, ‘Great Spotted Woodpecker’
8-12 bliana d’aois
Oidhreacht Thógtha
Buaiteoir- Toby & Aoibhín Egan ‘Thatched Cottage’
Beirt a thagann sa dara
Troy Murray, ‘Irish Homestead’
Finn Mc Donald, William Roe, Aoife Brock, James Lennon & Oisín Friel, ‘GPO’
Oidhreacht Chultúrtha:
Buaiteoir Tadhg Sinnott, ‘Mise agus Pangur Bán’
Beirt a thagann sa dara
Lydia Urquhart, ‘Piano Accordion’
Anna Sturgeon, ‘Dr. Hyde Park’
Oidhreacht Nádurtha
Buaiteoir-Aedan Murray, ‘Turnstone’
Beirt a thagann sa dara
Rosanna Burke, ‘Pine Marten’
Olivier Ventner, ‘Cliffs of Moher’
Rialacha an Chomórtais
1. Is é téama an chomórtais ná oidhreacht áitiúil agus ní mór go mbeadh múnlaithe bunaithe ar ghné éigin den téama seo. Ba chóir go mbeadh gach múnla ceangailte le halt tuairisciúil ina bhfuil an t-ábhar roghnaithe, an fáth gur roghnaíodh é agus an chiall speisialta a bhaineann leis.
2. Ba chóir go mbeadh múnlaí de LEGO® leagtha in aghaidh chúlra bán a léiríonn an oiread sonraí agus is féidir. Cinntigh, le do thoil, nach mbeidh aon duine le feiceáil sa ghrianghraif. Glacfar le haon ghrianghraif in aghaidh gach múnla agus cuirfear ar taispeáint iad i ngailearaí poiblí ar leith ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta.
3. Ní mór go mbeadh an obair cruthaitheach agus bunúil ó gach iarratasóir. (níl cead aon séata nó leathshéata).
4. Ní mór múnlaí a thógáil ó bhrící atá 100% déanta as LEGO®. Níl cead aon ábhar eile cosúil le páipéar, cairtchlár, sreang, etc. a úsáid. Ba chóir go mbeadh gach bríce mar bhunchineál agus ní gearrtha, gliúáilte, péinteáilte nó mionathruithe ar aon bhealach.
5. Beidh moltóireacht bunaithe ar thrí chritéir: Léiriú ar théama, fiúntas an ealaíontóra agus scil tógála.
Beidh na hiontrálacha rathúla ar taispeáint ar ár meáin shóisialta agus beidh an rogha ag na buaiteoirí a bheith mar chuid de thaispeántas speisialta ag Músaem Medieval Mile de chuid Chill Chainnigh in 2024.
An Chaoi le hIontráil
1. Glac grianghraif de do mhúnla.
2. Comhlánaigh an fhoirm thíos, agus ceangail d’íomhá nuair a iarrtar é.
3. Cuir d’iontráil faoi bhráid faoin 30ú Samhain 2023.
_____________________________________________________________________________________________________________________
Na Duaiseanna
Catagóirí grúpa 3; 4-7 bliana d’aois (oidhreacht thógtha, nádúrtha & chultúrtha), 3 dhuais in aghaidh na catagóire: an 1 duais - seit Clasaiceach LEGO, an leabhar How to build LEGO dinosaurs agus Cárta Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí; Don bheirt a thagann sa dara agus sa tríú háit: an leabhar How to build LEGO dinosaurs agus Cárta Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí.
Catagóirí 8-12 bliana d’aois 3 chatagóir, 3 dhuais in aghaidh na catagóire: an 1 duais - seit Clasaiceach LEGO, an leabhar How to build LEGO dinosaurs agus Cárta Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí. Don bheirt a thagann sa dara agus sa tríú háit: an leabhar How to build LEGO dinosaurs agus Cárta Oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí.

Beagán inspioráid beag ar an mbealach
Arís i mbliana bhí an t-ealaíontóir bríce LEGO® againn, Jessica Farrell ar bord chun roinnt inspioráid agus treoir agus roinnt samhlacha samplacha nua le treoracha céim ar chéim chun triail a bhaint astu a sholáthar.