Forléargas
Is iad príomhchuspóirí Choillearnacha na hÉireann:
- feasacht a ghiniúint ar choillearnacha dúchasacha i measc lucht déanta beartas agus an phobail i gcoitinne
- tionscadail agus straitéisí bainistíochta inbhuanaithe a fhorbairt a bheidh dírithe ar inmharthanacht todhchaíoch na gcoillearnacha dúchasacha a áirithiú
- Is minic a thugtar aghaidh ar an dá chuspóir le chéile i bhformáid chomhpháirtíochta, go háirithe trí thionscadail shuaitheanta, cúrsaí oiliúna, foilseacháin theicniúla, forbairt beartais agus soláthar tacaíochta ag leibhéal áitiúil.
Cláir
Cén obair atá á maoiniú ag an gComhairle Oidhreachta i mbliana:
Tá an Chomhairle Oidhreachta ag déanamh páirtmhaoiniú ar ghníomhaíochtaí bolscaireachta maidir le cur i bhfeidhm agus glacadh le Scéim Seirbhíse Foraoiseachta um Choillearnacha Dúchasacha (NWS), ag díriú go háirithe ar ardluach bithéagsúlachta i ndobharcheantair íogaire; cúrsa oiliúna ar Choillearnacha Dúchasacha chun creidiúnú a thabhairt do chleachtóirí Coillearnacha Dúchasacha atá ag obair ar Scéim na Coillearnaí Dúchasaí; na Nótaí Faisnéise ar Choillearnacha Dúchasacha a nuashonrú agus a leathnú. Athbhreithniú ar chomhpháirt Coillearnaí Éiritheacha den NWS, ag plé le hIarnród Éireann maidir le oiliúint bainistíochta fásra cois ráillí.
Tuilleadh Eolais
R: info@woodlandsofireland.com
www.woodlandsofireland.ie
facebook.com/Woodlands-of-Ireland-318967288232830/