Tionscadal de chuid na Comhairle Oidhreachta, i gcomhpháirtíocht le Daoine ar Iarraidh Tearmainn (PSA), Iontaobhas Portach Mhainistir Laoise & Comhairle Caomhnaithe Thailte Móna na hÉireann, le cúnamh ó Reathaithe Tearmann.
Sa bhliain 2019, d’éirigh leis an gComhairle Oidhreachta cúnamh deontais a fháil ón gClár Éire Ildánach chun treoirchlár a reáchtáil ina dtéann campaí oibre i gcomhpháirt le daoine atá ag lorg tearmainn. Leis na treoirchampaí oibre sin, éascaíodh rannpháirtíocht agus malartú cultúrtha idir daoine atá ag lorg tearmainn agus oibrithe deonacha éagsúla caomhantais éiceolaíochta i gContae Chill Dara agus i gContae Laoise. Cuireadh na campaí oibre tosaigh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2019, agus an chéad cheann díobh curtha ar siúl ag Portach Mhainistir Laoise, Contae Laoise. Díríodh san obair dheonach ar Rhododendron ponticum, ar speiceas coimhthíoch ionrach é, a bhaint den ghnáthóg portaigh ardaithe.
Dea-ghné de chlár na gcampaí oibre is ea nuair a shuímid síos le haghaidh bia tar éis an imeachta, toisc go gcumasaíonn sé sin comhrá réidh a dhéanamh agus cairdeas a chothú le linn stobhach a ithe nó cupán tae a ól.
Ó bhí an bhliain 2020 ann, tá an tionscadal ag obair i ndlúth-chomhpháirtíocht leis an gclár um Thearmann Fiadhúlra agus Oidhreachta, agus a lán cuairteanna ar láithreáin sa lár tíre tugtha chun cur ar chumas na gcliant féachaint ar ghnáthóga bithéagsúla Éireannacha agus ar na speicis a dtacaíonn siad leo agus, i gcás gur féidir, chun cabhrú le gníomhartha caomhantais chun na láithreáin sin a athshlánú. Is clár atá dírithe ar theaghlaigh é seo agus tá sé cruthaithe go bhfuil idir chliaint agus oibrithe deonacha ag baint an-leas as.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le Lorcan Scott (Oifigeach Fiadhúlra) ag lscott@heritagecouncil.ie nó ar 056-7770777.
Téigh chuig an suíomh Gréasáin ‘Tearmann Fiadhúlra’
