TFB cover2

Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme

2006-ar aghaidh

Scéim bhliantúil deontas ar mhaithe le caomhnú agus deisiú foirgneamh traidisiúnta feirme agus déanmhas gaolmhar.

Maoinítear an scéim seo faoi shocruithe idirthréimhseacha chlár forbartha tuaithe 2014-20 - an ciste eorpach talmhaíochta um fhorbairt tuaithe san eoraip (n+3)

Co-funded by the European Union logo

Scéim bhliantúil deontas ar mhaithe le caomhnú agus deisiú foirgneamh traidisiúnta feirme agus déanmhas gaolmhar.

Maoinítear an scéim seo faoi shocruithe idirthréimhseacha chlár forbartha tuaithe 2014-20 - an ciste eorpach talmhaíochta um fhorbairt tuaithe san eoraip (n+3)

Co-funded by the European Union logo

Déanann an Chomhairle Oidhreachta, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara bainistiú ar scéim deontais na foirgneamh traidisiúnta feirme. Is é príomhchuspóir na scéime seo a chinntiú go bhfuil foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir ghaolmhara eile a chuireann le carachtar an tírdhreacha agus a bhfuil luach suntasach oidhreachta acu, a chaomhnú le haghaidh úsáid ghníomhach talmhaíochta.

Caomhnaítear struchtúir chosúla eile, clós dhoirneogach, cairn aolaigh, geataí iarann buailte, áirsí clós fierme, ullórd daingean agus ballaí pairce ina measc.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ón 30 Eanáir 2025 trí chóras bainistíochta deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta. 

Ní ghlacfaimid ach le foirmeacha a chuirtear isteach ar líne. Ní chuirimid foirmeacha páipéir ar fáil ná ní ghlacfaimid leo.

Chun d'iarratas a bhreithniú, ní mór dúinn d'iarratas ar líne a fháil mar aon leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha faoin 10 Márta 2025 ag 5pm. Ní féidir iarratais nó doiciméid thacaíochta riachtanacha a chur isteach tar éis an ama seo.

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh chuig an scéim seo sa bhliain 2025?

Tá an Scéim ar oscailt d'fheirmeoirí AMHÁIN a bhfuil glacadh leis agus a bhfuil ag glacadh páirt i ceann de na scéim Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara seo a leanas:

  1. Rannpháirtí faofa de chuid ACRES. Dheimhnigh DAFM gur féidir leo siúd atá ag feithimh ar a n-iarratas ACRES iarratas a cuir isteach anseo go dtí go bhfaighfear dearbhú ó ACRES.
  2. Rannpháirtí i EIP (Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach) scairt 1, 2 agus 3, tionscadal cromán na gcearc, tionscadal diúilicín péarla agus Clár na Bhoirne a bhí mar rannpháirtí gníomhach ar an 31ú Nollaig 2022 nó a bhfuil an téarma iomlán den conradh de chuid an EIP ábharta, nó a bhfuil conradh de chuid cúig bliana críochnaithe, mar is cuí.
  3. Rannpháirtí faofa de chuid Scéim Feirmeoireachta Orgánach.

Agus
Atá ina úinéir an fhoirgnimh/ struchtúir ghaolaigh eile a bhfuil maoiniú á lorg ina leith nó atá ag gníomhú le cead an úinéara (agus sa chás sin ní mór don úinéir toiliú a thabhairt).

Cad iad na hoibreacha a mhaoinítear faoin scéim seo

Tacaíonn an deontas le

  • tithe amuigh traidisiúnta feirme, díonta, ballaí, deisiúcháin struchtúracha, fuinneoga agus doirse san áireamh, a chaomhnú.
  • struchtúir eile thraidisiúnta feirmeoireachta a dheisiú, cosúil le ballaí, galláin gheata agus geataí, úlloird mhúrtha, clóis dhoirneogacha agus buailte saoirseachta. 

Ní gá duit iarratas a dhéanamh ar fhoirgneamh. Spreagaimid go mór iarratais in 2025 ar struchtúir thraidisiúnta feirmeoireachta a dheisiú, seachas foirgnimh eile. Chun tacú leis an iarracht seo, beartaítear go ndáiltear €500,000 go sonrach i mbliana leis na struchtúir eile seo a bhaineann le feirmeacha a dheisiú.

Méid an Deontais

D’athraigh suimeanna deontais sa raon idir €4,000 agus €30,000 i 2025. Déanann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara gach íocaíocht deontais ar an scéim seo tar éis deimhnithe ón gComhairle Oidhreachta. Beidh uasmhéid €30,000 ar aon deontais amháin agus beidh suas go 75% de costais an obair ar fáil. Tabhair d’aire go mbeidh roinnt deontais do mhéid níos lú ná 75% de costais an obair.

Cáispéis na Scéime 2025

Is feidir an treoirdhoiciméad iarratais is deanaí a leamh thíos.

Seimineár Gréasáin 2025

Cuirfimid seimineár gréasáin gearr ar siúl d’iarratasóirí ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar scéim deontais foirgnimh thraidisiúnta feirme 2025 Déardaoin, an 6 Feabhra 2025 ag 12pm.

Seimineár Gréasáin 2024

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar líne ar an scéim deontais seo. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ón 30 Eanáir 2025 trí chóras bainistíochta deontas ar líne na Comhairle Oidhreachta. Is é an dáta deiridh chun iarratais líonta ar líne a fháil 5pm Dé Luain, an 10 Márta 2025.

Ní ghlacfaimid ach le foirmeacha a chuirtear isteach ar líne. Ní chuirimid foirmeacha páipéir ar fáil ná ní ghlacfaimid leo. Chun d'iarratas a bhreithniú, ní mór dúinn d'iarratas ar líne a fháil mar aon leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha faoin 10 Márta 2025 ag 5pm.

Ní féidir iarratais nó doiciméid thacaíochta riachtanacha a chur isteach tar éis an ama seo. Is ar an iarratasóir atá an fhreagracht iomlán as an bhfaisnéis atá san iarratas agus sna doiciméid thacaíochta a cuireadh isteach agus as iarratais a fháil faoin dáta deiridh.

Thíos tá nóta comhairle ar cheann de na ceisteanna is coitianta ar an bhfoirm iarratais.

Photograph Of The Farm Building In The Wider Surroundings

Choimisiúnaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara athbhreithniú den scéim i 2022 . Is feidir an tuairisc a leamh anseo:

Athbhreithniú den Scéim

Cuardaigh tuilleadh cláir

Ballintubber 2

Gradam Oidhreachta na mBailte Slachtmhara

Féachann an Chomhairle Oidhreachta le haitheantas a thabhairt dóibh siúd a oibríonn ag leibhéal an phobail chun naisc nua leis an oidhreacht nádúrtha, cultúrtha nó tógtha a chothú, a chur chun cinn agus a spreagadh.

Gradam Oidhreachta na mBailte Slachtmhara
Hedgehog Lower Res

Oidhreacht ag Súgradh

Comórtas do dhíograiseoirí brící LEGO® idir 4-12 bliain d’aois bunaithe ar oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann.

Oidhreacht ag Súgradh
Mayglass

Áitreabh Feirme Mhaigh Ghlas

Eiseamláireach agus is annamh a tháinig slán as áitreabh tuaithe ceann tuí dhá stór de thraidisiún dúchasach na hÉireann é Teach Feirme Mhaigh Ghlas agus tá sé ar cheann de na tionscadail chaomhantais is suntasaí a rinne an Chomhairle Oidhreachta riamh.

Áitreabh Feirme Mhaigh Ghlas