Gradam Oidhreachta na mBailte Slachtmhara

Féachann an Chomhairle Oidhreachta le haitheantas a thabhairt dóibh siúd a oibríonn ag leibhéal an phobail chun naisc nua leis an oidhreacht nádúrtha, cultúrtha nó tógtha a chothú, a chur chun cinn agus a spreagadh.

Forléargas

Tá baint ag an gComhairle Oidhreachta le Comórtas na mBailte Slachtmhara ó 1999.Ó cuireadh tús leis, is é príomhfhócas Comórtas na mBailte Slachtmhara náisiúnta ná pobail a spreagadh chun a dtimpeallacht áitiúil a fheabhsú agus áit níos fearr a dhéanamh dá gceantar le cónaí ann, le hoibriú ann agus le cuairt a thabhairt air.

Iarratas a Dhéanamh

Féachann an Gradam Oidhreachta, atá urraithe ag an gComhairle Oidhreachta, chun feasacht níos mó a mhúscailt ar luach na hoidhreachta do chomhtháthú sóisialta, folláine agus forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch.

Cuimsíonn ár n-oidhreacht, a bhronn an ghlúin roimhe seo orainn, ní hamháin foirgnimh, séadchomharthaí agus saothair i músaeim, ach ár dtfrdhreacha sainiula, ar bhfiadhulra agus coillearnach dhuchasach, muirdhreacha, geolaíocht, gairdíní agus páirceanna oidhreachta, uiscebhealaí intíre, béaloideas agus ceardaíocht. Lorgaíonn an Chomhairle Oidhreachta iad siúd a aithint a oibríonn ar leibhéal áitiúil chun tairbhe a chruthú dmmmár n-oidhreacht agus chun a luach a chur chun cinn i measc lucht éisteachta níos fairsinge.

Tionscadail nár breithníodh

• Foirgnimh nua nó athchóiriú nua-aimseartha ar fhoirgnimh níos sine.

• Deilbh nua phoiblí nó chomórtha.

• Oibreacha taitneamhachta agus feabhsuithe comhshaoil. Áirítear leis seo saothair mar shuíocháin, spotsoilsiú, tírdhreachú saothair cholbha, boscaí bruscair etc. a sholáthar.

Acmhainní

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na mBailte Slachtmhara chun raon leathan acmhainní a íoslódáil agus/nó a fheiceáil chun áit níos fearr a dhéanamh do bhaile.

Conas Iarratas A Dhéanamh?

Is ea an dáta deiridh le haghaidh iarratais ná 8 Meitheamh 2024. Tá na foirm iarratais ar fáil thíos.