
Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann
Is eagraíocht neamhbhrabúis í Sainchomhartha na hÉireann a aimsíonn airíonna suimiúla agus neamhghnácha a dteastaíonn caomhnú uathu, agus a thugann beatha nua dóibh.
An Clár Fionnachtana: Ionad Seandálaíochta agus Nuálaíochta Éireann is ea ionad uile-oileáin don tseandálaíocht agus don eolaíocht oidhreachta.
An Clár Fionnachtana: Ionad Seandálaíochta agus Nuálaíochta Éireann is ea ionad uile-oileáin don tseandálaíocht agus don eolaíocht oidhreachta.
An Clár Fionnachtana: Ionad Seandálaíochta agus Nuálaíochta Éireann is ea ionad uile-oileáin don tseandálaíocht agus don eolaíocht oidhreachta.
Is iad na cuspóirí lárnacha atá aige ná feabhas a chur ar thuiscint ar stair na hÉireann, go príomha trí léiriú a dhéanamh ar a taifead seandálaíochta, agus an tuiscint sin a chur in iúl do lucht éisteachta chomh leathan agus is féidir.
Díríonn an Clár Fionnachtana a chuid oibre ar thrí phríomhréimse chun seachadadh an chuspóra seo a chinntiú
Ceannaireacht taighde a sholáthar trí oibriú leis an bpobal seandálaíochta chun creat taighde a fhorbairt don tseandálaíocht ar fud na hÉireann. Bainfear é seo amach trí chlár comhairliúcháin le gairm na seandálaíochta, lucht acadúil, cumainn áitiúla agus páirtithe leasmhara eile. Leanúnach Tionscadail taighde an Chláir Fionnachtana; Léiríonn CHERISH, Taighde Tara agus Macasamhla Digiteacha an bunphrionsabal maidir le cineálacha cur chuige nuálacha a úsáid i leith na hanailíse, léirmhíniú agus cur i láthair sonraí.
Tacú leis an bpobal taighde agus le ceapadh beartais trí éiceachóras digiteach comhtháite a fhorbairt chun na sonraí taighde seandálaíochta digiteacha go léir a chartlannú i stórtha iontaofa agus inrochtana, lena chinntiú go gcaomhnaítear é agus go n-éascófar rochtain air le haghaidh taighde. Leanfaidh an Clár Fionnachtana ag tabhairt tacaíochta do ghníomhaireachtaí Rialtais agus d’institiúidí cultúir i gcur i bhfeidhm an chleachtais is fearr maidir le taifeadadh, caomhnú agus cur chun cinn na timpeallachta stairiúla lena n-áirítear séadchomharthaí náisiúnta, foirgnimh stairiúla agus réada seandálaíochta. Tabharfar faoin ngníomh seo go háirithe maidir le dúshlán na géarchéime aeráide. Cuireann an tionscadal CHERISH leis na gnéithe a bhaineann leis an oidhreacht den Phlean Gníomhaíochta Aeráide a foilsíodh le déanaí.
Soláthraíonn an Clár Fionnachtana raon gníomhaíochtaí rannpháirtíochta poiblí atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne agus is féidir sonraí a fháil ar an suíomh gréasáin www.DiscoveryProgramme.ie agus ar na meáin shóisialta. Tá an rannpháirtíocht leis an ngairm seandálaíochta bunaithe ar ghníomhaíochtaí a leagtar amach faoin gcéad dá réimse tosaíochta; Ceannaireacht Taighde agus Tacaíocht Pobail Taighde agus Beartais.
Hannah Boyd, Oifigeach Oideachais agus For-rochtana, An Clár Fionnachtana, The Discovery Programme
hannahgboyd@discoveryprogramme.ie
T 089 614 5194
G www.discoveryprogramme.ie
Facebook: facebook.com/DiscoveryProgramme
Blue Sky: @discoveryprogramme.bsky.social
Instagram: https://www.instagram.com/discprog/
Is eagraíocht neamhbhrabúis í Sainchomhartha na hÉireann a aimsíonn airíonna suimiúla agus neamhghnácha a dteastaíonn caomhnú uathu, agus a thugann beatha nua dóibh.
Cuireann an ICRI caomhnú agus athchóiriú oidhreacht chultúrtha na hÉireann chun cinn.
Is carthanas tírdhreacha é Iontaobhas Burrenbeo atá tiomanta do gach duine againn a nascadh lenár n-áiteanna agus ár ról ag tabhairt aire dóibh.