Mg 6826

Maoin Ceann Tuí

Cuireann an leathanach seo eolas ar fáil maidir leis na rudaí éagsúla atá ar siúl faoi láthair d’úinéirí agus ceannaitheoirí maoine ceann tuí.

Cuireann an leathanach seo eolas ar fáil maidir leis na rudaí éagsúla atá ar siúl faoi láthair d’úinéirí agus ceannaitheoirí maoine ceann tuí.

Réamhrá

Faoi láthair, is timpeallacht an-dúshlánach é an timpeallacht nach mór d’úinéirí agus do cheannaitheoirí ionchasacha maoine ceann tuí déileáil léi.

Rud a chuireann leis an dúshlán is ea árachas a fháil le haghaidh na maoine sa chéad ásc. Agus Is dúshlán do chuid mhór daoine é i gcónaí árachas a fháil ar phraghas inacmhainne.

Ar an leathanach gréasáin seo, soláthraítear faisnéis faoin ábhar seo faoi na ceannteidil seo a leanas:

  • Forléargas ar na dúshláin
  • Nithe atá á ndéanamh
  • Nithe ar féidir leat féin iad a dhéanamh (lena n-áirítear liosta moltaí i leith árachóirí ionchasacha)
  • Obair na Comhairle Oidhreachta in earnáil na maoine ceann tuí
  • Teagmhálacha

Forléargas ar na dúshláin

Tá roinnt úinéirí maoine ceann tuí ag teacht ar dheacrachtaí maidir le hárachas a fháil dá maoin. I mbeagán focal, dar le roinnt cuideachtaí árachais nach gníomhaíocht bhrabúsmhar í seanfhoirgnimh a árachú i bhfianaise na tuairime i leith riosca* a bhaineann le foirgnimh den sórt sin.

*Sa chás sin, d’fhéadfadh sé gurb é atá i gceist le riosca ná éagobhsaíocht dhéanmhasach, guaiseacha dóiteáin, aois an fhoirgnimh atá i gceist etc., ach is í guais an dóiteáin an phríomhchatagóir riosca atá luaite.

Ní sholáthróidh árachóirí eile árachas le haghaidh teach cónaithe nua ceann tuí de bharr rud a ndúirt cuideachta áirithe ina leith, is é sin le rá, ‘go bhfuil meath tromchúiseach tagtha ar an staid maidir le héilimh a bhaineann le maoin ceann tuí’.

Ní eiseoidh banc morgáiste mura bhfuil árachas ann. Fágann sé sin go mbíonn ceannach agus díol maoin den sórt seo an-deacair agus cruthaíonn sé fadhbanna i dtaca le maoin ceann tuí a bheith in ann leanúint de bheith ar marthain sa todhchaí.

Deacrachtaí a bhíonn ann go díreach

Is é an Banc Ceannais an comhlacht Stáit a dhéanann rialáil agus faireachán ar sholáthar árachais in Éirinn.

Ach ní shíneann an ról sin chuig cumas chun méaduithe ar rátaí préimhe a cheadú nó chun méaduithe den sórt sin a dhiúltú. Is ábhar tráchtála é an conradh árachais idir an chuideachta agus an t-iarratasóir, agus ní féidir leis an rialtas ná le haon chomhlachtaí poiblí eile é a rialáil.

An tionscal árachais

Ní bhaineann na saincheisteanna seo le margadh na maoine ceann tuí amháin agus tá forbairt déanta orthu i líon beag earnálacha nach bhfuil ionadaitheach don mhargadh ina iomláine. Tá an Plean Gníomhaíochta trasrannach i leith Athchóiriú Cúrsaí Árachais á chur i bhfeidhm ag an Rialtas. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh sin feabhas a chur ar acmhainneacht daoine chun íoc as an tseirbhís thábhachtach seo, agus ar rochtain ag daoine uirthi, a mhéid a bhaineann le teaghlaigh agus le gnóthaí, trí chabhrú leo dul i ngleic le saincheisteanna nuair is féidir réitigh polasaí tís a bhaint amach ar an tslí sin.

Tuigtear nach mbaineann na hathchóirithe sin, de riachtanas, le tithe ceann tuí agus go bhféadfadh gníomhartha sonracha a bheith ag teastáil sa réimse seo. Dá ainneoin sin, tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas i gcónaí faoi fhorbairtí sa tionscal árachais i gcoitinne, ar nithe cuid acu a d’fhéadfadh a bheith de thionscnamh idirnáisiúnta, ach is nithe iad a d’fhéadfadh comhthéacs fónta a chur ar fáil le haghaidh ár gcuid iarrachtaí i dtaobh a fháil amach cad a d’fhéadfadh a bheith i ndán d’úinéirí/do cheannaitheoirí maoine ceann tuí.

Nithe atá á ndéanamh

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag obair i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta agus le geallsealbhóirí eile chun saincheist phráinneach an árachais le haghaidh maoin ceann tuí a réiteach ar na bealaí seo a leanas.

Staidéar ar na saincheisteanna a bhaineann le hárachas

A Living tradition: a strategy to enhance understanding, minding and handing-on of our built vernacular heritage - lainseáil an tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóiriú Toghcháin, an tAire Ó Nuanáin, an straitéis seo i 2021.

Baineann Gníomh 6 den straitéis seo (leathanach 12) go sonrach le maoin ceann tuí.

I gcomhréir leis na haidhmeanna atá leagtha amach i ngníomh 6, tá tús curtha ag an Roinn le staidéar ar na saincheisteanna a bhaineann le hárachas le haghaidh maoin ceann tuí chun

  • An líon áitreabh ceann tuí atá ann sa tír a chinneadh.
  • Sonraí faoin líon dóiteán a tharlaíonn i maoin ceann tuí agus faoi na cúiseanna leis na dóiteáin sin a bhailiú.
  • Canbhasáil a dhéanamh i measc úinéirí agus tuairimí pearsanra dóiteáin agus oidhreachta údaráis áitiúil a lorg.
  • Scrúdú a dhéanamh faoin staid atá ann d’úinéirí maoine ceann tuí i ndlínsí eile.
  • Dul i dteagmháil leis an earnáil árachais agus leis an Roinn Airgeadais.
  • Moltaí a dhéanamh chun an riosca a laghdú i leith damáiste tubaisteach a bheith ann i maoin ceann tuí (go háirithe mar thoradh ar dhóiteán).
  • Scrúdú a dhéanamh i dtaobh roghanna i leith maoiniúchán méadaithe d’úinéirí maoine ceann tuí.

Foiilsigh an Roinn “Fire Safety in Thatched Properties” i 2023. Tá sé seanbhunaithe go bhfuil níos mó mbaol i dtaobh sorn breosla sholadaigh ná roimh cinéal eile choras teasa, tine oscailte SAN ÁIREAMH. Molann an Chomhairle Oidhreachta le úinéirí tithí ceann tuí gan sorn breolsa sholadaigh a úsáid agus stop a cuir le aon chinn atá acu.

Grúpa Stiúrtha maidir le Maoin Ceann Tuí

Mar chuid den ghníomh seo, bhunaigh an Roinn Grúpa Stiúrtha maidir le Maoin Ceann Tuí freisin agus is iad seo a leanas geallsealbhóirí an Ghrúpa sin:

  • Jimmy Lenehan (cathaoirleach), tuíodóir agus úinéir maoine ceann tuí
  • Edward Frampton, úinéir maoine ceann tuí
  • Barry O’Reilly, Comhairleoir Caomhantais Ailtireachta, RTRÁO
  • Rose Ryall, ACO, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, ionadaí Chumann Oifigigh Chaomhantais Ailtireachta na n-údarás áitiúil
  • Joe Gallagher, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Chontae Dhún na nGall, ionadaí Líonra Oifigigh Oidhreachta na n-údarás áitiúil
  • Patricia Rogers, Cigire Foirgníochta, (Deontais Tuíodóireachta), RTRÁO
  • Jacqui Stokes, Conservation Architect, Ailtire Caomhnaithe, Historic Environment Division, Department for Communities NI
  • Triona Bryne, Oifigeach Ailtireachta, An Chomhairle Oidhreachta

Tagann an grúpa stiúrtha le chéile ar bhonn ráithiúil. 

An Grúpa Gníomhaíochta maidir le hÁrachas i leith Maoin Ceann Tuí

Bunaíodh an Grúpa Gníomhaíochta maidir le hÁrachas i leith Maoin Ceann Tuí chun méadú a dhéanamh ar fheasacht, agus chun feachtas a reáchtáil, maidir le réiteach na géarchéime árachais i réimse na maoine ceann tuí.

Is é is aidhm dóibh ‘Grúpa Úinéirí Maoine Ceann Tuí a chur ar bun chun cruthú ‘Grúpscéim Árachais Maoine Ceann Tuí’ a éascú.

Le go n-éireoidh leis sin, tá gá acu le 1,000 úinéir maoine ceann tuí clárú leis an ngrúpa. Is é atá i gceist ná gurb amhlaidh, trí áitribh cheann tuí a cheangal lena chéile ar mhaithe le cúrsaí árachais, go bhféadfadh an ‘Grúpscéim’ an riosca árachais a laghdú agus a éagsúlú rud a ligfeadh do na húinéirí maoine ceann tuí go léir clúdach árachais inacmhainne a fháil.

Má tá suim agat clárú mar bhall den ‘Grúpscéim’, is féidir leat teagmháil a dhéanamh go díreach, le ríomhphost, leis an nGrúpa Gníomhaíochta maidir le hÁrachas i leith Maoin Ceann Tuí ag thatch.insurance.action.group@gmail.com

Nithe ar féidir leat iad a dhéanamh anois

Cuideachtaí árachais*

Ce go bhfuil soláthraithe árachais ann a thabhairfaidh árachas go cliaint le polsaithe atá ann cheana féin amháin, tá roinnt comhlachtaí thíos a ndeachaigh daoine chucu le déanaí le haghaidh luachana nua árachais ar tithí ceann tuí

  • O’Callaghan Wholesale Insurance, Blackthorn Business Park, Bóthar Uí Chofaigh, Na Méirsí Íochtaracha, Dún Dealgan, Co Lú – ní dhéileálann O’Callaghan Wholesale go díreach le daoine den phobal ach is féidir teagmháil a dhéanamh leo trí do bhróicéir árachais. Cuireann siad árachas ar fáil do tine amháin, agus ní do inneachar nó dliteanas poiblí.
  • Ergo Group, ERGO-Platz, 140198 Düsseldorf, Germany. An Ghearmáin
  • Dolmen Insurance.  Cuireann siad árachas af fáil do inneachar nó dliteanas poiblí, ach ní do tine.

*Ba iad Oifigigh Caomhantais Ailtireachta agus daoine eile a thiomsaigh an liosta seo, is liosta neamhfhoirmiúil é agus tá sé ceaptha mar ábhar chun freagra a thabhairt ar d’fhiosrú. Ní airbheartaíonn sé a bheith ina liosta cuimsitheach de na cuideachtaí árachais go léir a d’fhéadfadh a bheidh ag oibriú in Éirinn. Inis don Chomhairle Oidhreachta má tá árachas faighte agat ó comhlacht nach bhfuil ar an líosta thuas.

Maoiniúchán le haghaidh deisiúchán

Ó thaobh infhaighteacht deontas le haghaidh teach ceann tuí a chothabháil, a dheisiú agus a chaomhnú, tá roinnt foinsí maoiniúcháin ann.

Ar dtús, tá deontas tuíodóireachta na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar fáil chun athnuachan a dhéanamh ar dhíonta ceann tuí tithe a n-áitíonn a n-úinéirí iad. Aimseoidh tú mionsonraí faoin scéim seo anseo.

Sa dara dul síos, d’fhéadfadh scéimeanna na Roinne, mar atá, Déanmhais Stairiúla’ agus ‘Infheistíocht san Oidhreacht Fhoirgnithe’. a bheith ina gcabhair d’úinéirí tithe ceann tuí.

Faoi dheireadh, tá Deontas na bhFoirgneamh Feirme Traidisiúnta dírithe go príomha ar fhoirgnimh feirme a bhféadfar maoin ceann tuí a bheith san áireamh iontu ach níl teaghaisí san áireamh.

Obair na Comhairle Oidhreachta in earnáil na maoine ceann tuí

Le tamall maith de bhlianta, tá baint lárnach ag an gComhairle Oidhreachta le tacaíocht airgeadais, treoir agus faisnéis a thabhairt d’úinéirí maoine ceann tuí, mar aon le comhairle a thabhairt faoi chúrsaí árachais agus faoi fhoinsí maoiniúcháin nuair nach maoiniú oibreacha atá i gceist.

Ceann do no tionscadal chaomhnú is suntasaí a bain an Chomhairle Oidhreachta amach ná Áitreabh Feirme Mhaigh Ghlas

Sa bhliain 2006, rannchuidigh an Chomhairle Oidhreachta le curaclam a tharraingt suas i gcomhair cúrsa oiliúna tuíodóireachta FÁS, tá foilsiú cuid mhór suirbhéanna contae tuíodóireachta maoinithe aici agus, sa bhliain 2017, bhronn sí €80,000 do 15 thionscadal faoi Scéim Deontais d’Oidhreacht Pobail.

Ina theannta sin, tacaíonn an Chomhairle Oidhreachta le Comhairle Chontae Dhún na nGall trí bhíthin maoiniúchán an Phlean Oidhreachta Contae, ar maoiniúchán é a thairgtear gach bliain faoi scéim atá á maoiniú ag Éire Ildánach agus ag an gComhairle Chontae í féin.

Déanann ball foirne de chuid na Comhairle Oidhreachta idirchaidreamh go tráthrialta le fásóirí ábhair tuíodóireachta agus iad ag iarraidh teacht ar dheiseanna chun tacú leis na fásóirí sin.

Teagmhálacha

Grúpa Facebook - https://www.facebook.com/thatchedcottagesireland/

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta – builtheritage@housing.gov.ie

An Chomhairle Oidhreachta – Triona Byrne, Oifigeach Ailtireachta, tbryne@heritagecouncil.ie

Insurance Ireland – https://www.insuranceireland.eu/

Thatch Property Insurance Action Group - thatch.insurance.action.group@gmail.com

Office to Promote Competition in the Insurance Market - insurancecompetition@finance.gov.ie

Léigh Tuilleadh

Burrenbeo Image 002

Iontaobhas Burrenbeo

Is carthanas tírdhreacha é Iontaobhas Burrenbeo atá tiomanta do gach duine againn a nascadh lenár n-áiteanna agus ár ról ag tabhairt aire dóibh.

Iontaobhas Burrenbeo
Iai 02

Institiúid Seandálaithe na hÉireann

Eagraíocht ionadaíoch uile-oileáin is ea Institiúid Seandálaithe na hÉireann (IAI) do sheandálaithe gairmiúla atá ag obair in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann araon.

Institiúid Seandálaithe na hÉireann
Galleyhead1 Featured

Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Sainchomhartha na hÉireann a aimsíonn airíonna suimiúla agus neamhghnácha a dteastaíonn caomhnú uathu, agus a thugann beatha nua dóibh.

Iontaobhas Sainchomhartha na hÉireann