Forléargas
Is éard atá i dtírdhreach na hÉireann ná coimre bheo de stair an duine agus an dúlra, is teist é a charachtar ar shaolta agus ar mhianta na nglún gan áireamh. Ba é ár n-inspioráid é agus is cuid riachtanach dár bhféiniúlacht é. Cothaíonn an tírdhreach sinn ar gach slí is féidir — is é ár n-oidhreacht agus ár mbronntanas don todhchaí é.
Áirítear le ‘Tírdhreach’ mar a thuairiscítear san Acht Oidhreachta 1995 [PDF 96KB] limistéir, láithreáin, caol-léargais agus gnéithe suntasacha radhairc, seandálaíochta, geolaíochta, stairiúla, éiceolaíochta nó leasanna eolaíochta eile.
Aidhmeanna agus Cuspóirí
Is í an fhís atá againn ná gur tírdhreach beo fuinniúil a bheidh i dtírdhreach na hÉireann, ceann a fhreastalaíonn ar riachtanais fhisiciúla agus spioradálta daoine a bhfuil riachtanais an dúlra acu ar bhealach comhchuí, agus a thugann tairbhí fadtéarmacha don dá cheann dá bharr.
Mar sin féin, d’fhág luas luathaithe na tógála agus na forbartha atá feicthe in Éirinn le 20 bliain anuas oidhreacht mheasctha d’éachtaí agus teipeanna a mbeidh orainn maireachtáil leo go gceann i bhfad.
Cuireann an Coinbhinsiún um Thírdhreach na hEorpa (ELC) bealach cuimsitheach ar fáil chun dul i ngleic leis an dtírdhreach. Is é an pointe tosaigh atá aige ná aitheantas a thabhairt don iliomad bealaí ina dtacaíonn an tírdhreach le saol an duine.
Glacann an Chomhairle Oidhreachta le prionsabal na comh-mhaoirseachta ar ár n-oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha. Is é an taithí atá againn ná go bhfuil pobail áitiúla in ann, agus iad feistithe le heolas iontaofa agus le tacaíocht, cáineadh a dhéanamh ar a bhfuil timpeall orthu agus a shamhlú, a thuairisciú agus a sheachadadh ar thodhchaí níos fearr dóibh féin agus dá leanaí.
Tá sé tuillte ag a n-iarrachtaí agus a bhfís a bheith cumhdaithe sa phleanáil áitiúil agus réigiúnach. Léiríonn na cás-staidéir a d’urraigh, a d’éascaigh agus a rinneamar i gcomhpháirtíocht go n-oibríonn agus go seachadann an cur chuige seo tírdhreacha pobail ardchaighdeáin a ghineann fostaíocht inbhuanaithe, caipiteal sóisialta, féiniúlacht pobail agus éiceolaíochtaí feidhme.
Tá fíorbhuntáistí le baint as comhoibriú, comhpháirtíocht agus comhordú idir gach duine a mbíonn tionchar acu ar ár dtírdhreach.
Torthaí
I mí na Samhna 2015, reáchtáladh ceardlann i mBaile Átha Cliath chun forbairtí nua i Measúnú ar Charachtar an Tírdhreacha agus bealaí chun an Straitéis Náisiúnta Tírdhreacha a chur i bhfeidhm a fhiosrú.