Torthaí
Trí oibriú i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus pobail éagsúla inár 29 ballbhailte tá go leor bainte amach againn:
- Ó 2011 i leith, d’fhreastail níos mó ná 2,600 duine ar níos mó ná 60 imeachtaí oiliúna IWTN.
- In 2013, bronnadh Duais an AE um Oidhreacht Chultúrtha/Gradam Europa Nostra ar chlár oideachais an IWTN.
- Soláthraíodh c.€6.7 milliún chun oidhreacht bhallaí an bhaile a chaomhnú ó 2007 i leith. Tá buntáiste inláimhsithe turasóireachta ag beagnach gach ceann de na tionscadail seo. Tacaíonn an obair chaomhnaithe go díreach freisin le fostaíocht san earnáil tógála.
- Cuidíodh le forbairt: Páirc Bhalla an Bhaile Chill Mocheallóg, Páirc Seandálaíochta Thúir an Talbóidigh, an Séipéal Choláisteach in Eochaill, sciathán meánaoiseach Músaem Cathartha na Gaillimhe agus turasóireacht bunaithe ar sheandálaíocht ag tochailt Fhearann na mBráithre Dubha i mBaile Átha Troim.
- Forbraíodh formáid nua do phleananna athghiniúna bailte. Ligeann an córas ‘Ár gcuid fadhbanna féin a Réiteach’ plean gníomhaíochta ardchaighdeáin a chruthú laistigh d’achar gairid ama. Is éard atá i gceist leis an bhformáid seo ná meantóirí miondíola, turasóireachta, oidhreachta, an fhearainn phoiblí, agus bainistíocht tráchta ag obair i gcomhar le muintir na háite ón earnáil phoiblí, phríobháideach agus pobail. Tá pleananna tugtha chun críche anois do Charraig na Siúire, Droichead na Bandan agus Ceanannas.
- In 2017, d’fhreastail 32,000 duine ar fhéilte agus ar imeachtaí a bhí maoinithe ag an IWTN. Ó 2007, cuireadh c. €1 milliún ar fáil d'fhéilte pobail ar fud na tíre.
- Tá treoirdhoiciméid foilsithe againn maidir le hathghiniúint, turasóireacht, léirmhíniú oidhreachta agus féilte pobail.
- Cruthaíodh an bailiúchán físeáin is mó ar domhan atá tiomnaithe d’athnuachan bailte.
- In 2018, d’admhaigh Coiste Eorpach na Réigiún an AE muid mar cheann de dhá shampla Éireannacha de dhea-chleachtas in úsáid cultúir chun iomaíochas áitiúil a fheabhsú.
Roinnt d’ár dtionscadail
Féilte Meánaoise Bhaile Locha Riach agus Eochaill
Is í féile mheánaoiseach Bhaile Locha Riach an imeacht saor in aisce is mó in Éirinn le téama meánaoiseach. Bunaithe in 2014, meallann sé thart ar 15,000 duine isteach sa bhaile. In Eochaill, Co. Chorcaí, meallann ócáid chomhchosúil suas le 8,000 duine gach bliain. In 2008, measadh i dtuarascáil KPMG gurbh é an tairbhe eacnamaíoch don bhaile ón lá amháin seo ná €480,000. Braitheann féilte Eochaill agus Bhaile Locha Riach ar chomhoibriú dlúth idir an pobal agus an t-údarás áitiúil le go n-éireoidh leo. Is é an IWTN príomh-mhaoinitheoir an dá imeacht. Chuireamar oiliúint ar fáil do na heagraithe freisin.
Músaem Pop-up Chill Chainnigh
Thar ceithre Déardaoin i mí Lúnasa 2014, thug músaem aníos an oidhreacht go díreach do na daoine trína lonnú féin san áit is airde líon na ndaoine, díreach in aice le margadh seachtainiúil na bhfeirmeoirí. Trí sheandálaíocht a chomhcheangal le healaín, amharclann poiblí agus bia, d’oibrigh sé chun daoine a ghríosú faoi ábharthacht an ama a chuaigh thart. Iarracht a bhí Músaem Pop-up Chill Chainnigh féachaint an n-oibreodh tarraingt oidhreachta séasúrach a bhí íseal ar chaiteachas caipitil ach ard ar idirghníomhaíocht. D’éirigh sé I gceithre lá d'fhreastail 3,080 ann. Bhí an IWTN ina chomh-eagraí agus ina phríomh-mhaoinitheoir.
Chun níos mó a fhoghlaim faoi Mhúsaem Pop-up Chill Chainnigh cliceáil anseo agus téigh go dtí 6 nóiméad 10 soicind.
Baile Meánaoiseach Tréigthe Rinn Dúin
Is é Rinn Dúin i gCo. Ros Comáin an baile meánaoiseach tréigthe is fearr in Éirinn nó sa RA. Suite ar leithinis a ghobann isteach go Loch Rí tá bailiúchán mórthaibhseach d'iarsmaí meánaoiseacha sa láithreán. D'éirigh leis an bpobal áitiúil a bhí ag obair i gcomhpháirtíocht leis an IWTN agus gníomhaireachtaí eile mórán den mhéid a tháinig slán a shábháil. Chun cabhrú le loingseoireacht agus tuiscint a fháil, forbraíodh siúlóid agus suiteáladh comharthaí ateangaireachta. Ó líon an-íseal tarraingíonn an láithreán c.8,000 cuairteoir in aghaidh na bliana anois. Is é an IWTN príomh-mhaoinitheoir na n-oibreacha caomhantais. Rinneamar maoiniú agus dearadh ar léirmhíniú an tsuímh freisin.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thionscadal Rinn Dúin cliceáil anseo.
Páirc Seandálaíochta Thúir an Talbóidigh
Is é an túr an chuid is suntasaí atá fós ann de bhalla cathrach meánaoiseach Chill Chainnigh. Go dtí le déanaí, bhí glaonna ann go ndéanfaí é a bhaint de bharr imní sláinte agus sábháilteachta. Mar sin féin, trí oibriú leis an údarás áitiúil ní hamháin gur shábháileamar é, d’éirigh linn páirc phóca a chruthú leis an túr ina chroílár. Anois oscailte agus taitneamh as ag muintir na háite agus turasóirí, tá an túr úsáid freisin mar ionad d'Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh. Ba iad an IWTN an príomh-mhaoinitheoir ar chaomhnú an túr. Thacaíomar freisin le léirmhíniú an tsuímh.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thionscadal Túr an Talbóidigh cliceáil anseo.
Kick Start Bhaile Cheanannais
Is tionscnamh ilghnéitheach é an Tionscadal Kick-Start chun bailte stairiúla a athnuachan. Tar éis próiseas iomaíoch, roghnaíodh Ceanannas i gCo. na Mí mar an treoir phíolótach. Don chéad uair, rinneadh caomhnú ar shócmhainní oidhreachta baile a chomhcheangal le feabhsú scileanna a mhiondíoltóirí agus plean athghiniúna faoi stiúir an phobail a chuimsigh an fearann poiblí, na healaíona, oidhreacht, pleanáil agus páirceáil, turasóireacht agus miondíol. Tá go leor obair chaomhnaithe aghaidheanna i lár an bhaile críochnaithe cheana féin Tá an plean athghiniúna déanta agus tá oiliúint ar siúl. Cheana féin, cheadaigh an scéim don phobal cistí breise a ghiaráil agus iad ag iarraidh Ceanannas a athnuachan.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thionscadal Cheananais Kick-Start cliceáil anseo.
Sciathán Meánaoise Mhúsaem Cathartha na Gaillimhe
Tá an IWTN ag cabhrú le Músaem Cathartha na Gaillimhe agus le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina gcuid iarrachtaí sciathán meánaoiseach nua a thógáil don mhúsaem a cheadóidh rochtain freisin ar bharr an Phóirse Spáinneach. Tá maoiniú curtha ar fáil againn do phlean caomhnaithe balla na cathrach, do phleananna coincheapa na sciathán nua agus do mheasúnú tionchair eacnamaíoch.
Baile Átha Cliath Lochlannach agus Meánaoiseach Ar Líne
Thar roinnt blianta anuas, thacaigh an IWTN le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le Baile Átha Cliath chun ardán idirghníomhach ar líne a chruthú ina mbeadh rochtain saor in aisce ar thaighde stairiúil ar chathair mhúrtha Bhaile Átha Cliath. Tá nasc díreach ag an suíomh láidir le curaclam bunscoile agus meánscoile. Ar fáil thar ghléasanna deisce agus soghluaiste, in 2016, bhí an crios foghlama ar an acmhainn gréasáin saor in aisce Uimh.1 is mó a dtugtar cuairt air in Éirinn i measc múinteoirí/daltaí bunscoile agus Uimh.2 i gcoibhéis meánscoile.
Chun cuairt a thabhairt ar an suíomh cliceáil anseo
Dig: Luach na Seandálaíochta don tSochaí agus don Gheilleagar Comhdháil cúig lá
Ar feadh cúig lá i mí na Samhna 2018, fuair 300 toscaire freagraí páirteacha ar a laghad ar na ceisteanna: conas a théann an tseandálaíocht i bhfeidhm go dearfach ar ár sochaí agus ár ngeilleagar? Agus ar an dara dul síos, conas a d'fhéadfaí é seo a dhoimhniú go hinbhuanaithe? Chuir cainteoirí as Éirinn, an RA, an tSualainn agus SAM araon eolas ar fáil do lucht éisteachta éagsúil agus spreag iad a d’fhreastail ar na 24 imeacht ar leith a bhí mar chuid de Dig. Seachas an phríomh-chomhdháil dhá lá, bhí turais, ceardlanna, taispeántais taifeadta digiteacha, díospóireachtaí painéil agus fiú léamh filíochta i dtúr meánaoiseach.
Ba chomhoibriú é Dig idir an Chomhairle Oidhreachta, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Roinn Pobail TÉ, Fáilte Éireann, Institiúid Seandálaithe na hÉireann, Bonneagar Iompair Éireann, agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ba é Líonra Bhailte Múrtha na hÉireann a rinne bainistiú ar an dtionscadal agus le tacaíocht a fháil ó Éire Ildánach
Cliceáil anseo