Documenting Wildlife

Tionscnamh Phailneoirí na hÉireann

2015 – 2020

Tionscnamh chun sonraí a bhailiú agus a dháileadh faoi phailneoirí na hÉireann agus chun gníomhartha dearfacha a cheapadh le tacú le caomhnú pailneoirí in Éirinn.

Tionscnamh chun sonraí a bhailiú agus a dháileadh faoi phailneoirí na hÉireann agus chun gníomhartha dearfacha a cheapadh le tacú le caomhnú pailneoirí in Éirinn.

Forléargas

Bhunaíodh an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta Tionscnamh Phailneoirí na hÉireann in 2015 le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ríthábhachtach maidir le laghdú ar líon na bpailineoirí in Éirinn.

Aidhmeanna agus Cuspóirí

Tá tuairim is aon trian de na 101 speiceas beach dúchasach in Éirinn i mbaol díothaithe. Is iad beacha na pailneoirí is tábhachtaí de bharra agus de phlandaí dúchasacha in Éirinn, agus de réir staidéar a rinne an Roinn Comhshaoil le déanaí, meastar gur fiú €85 milliún in aghaidh na bliana iad. “Tá géarchéim i mbeacha na hÉireann mar thoradh ar chailliúint gnáthóige agus ar dhiansaothrú na talmhaíochta,” a dúirt an Dr Úna FitzPatrick, éiceolaí ag Ionad Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta na hÉireann.

Is iad príomhaidhmeanna Tionscnaimh Phailneoirí na hÉireann ná:

  • Sonraí maidir le pailneoirí Éireannacha a chomhordú;
  • Na speicis phailneora sin is mó atá i mbaol díothaithe a shainaithint agus a rianú;
  • Monatóireacht a dhéanamh ar phailneoirí fiáine ar fud an tírdhreacha chun na comharthaí rabhaidh luath a bhrath go bhfuil bagairt ar sheirbhís pailniú na hÉireann;
  • Tacú leis na tionscail talmhaíochta/ghairneoireachta trí láithreacha teo na bpailneoirí agus na limistéir ina bhfuil easpa pailneoirí a shainaithint;
  • A aithint cé na speicis is éifeachtaí maidir le pailniú gach ceann de na barraí a bhfuil tionscal bia na hÉireann ag brath orthu;
  • Bonn fianaise a sholáthar chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh chaomhnaithe pailneoir.

Nuashonrú

Sainaithnítear sa Phlean Uile-Éireann um Phailineoirí 2015-2020 a foilsíodh i Meán Fómhair 2015 81 gníomh chun Éire a dhéanamh cairdiúil do phailneoirí. Soláthraíonn sé creat tábhachtach chun tionscnaimh pailneoirí a thabhairt le chéile ar fud an oileáin agus is tús é le próiseas chun céimeanna dearfacha chun pailneoirí na hÉireann agus an tseirbhís a chuireann siad ar fáil a chosaint.

Glac Páirt

Soláthraíonn suíomh gréasáin Tionscnaimh Pailneoirí na hÉireann foinse faisnéise láraithe ar thábhacht an phailiúcháin, agus ar éiceolaíocht, dáileadh agus caomhnú príomhphailneoirí na hÉireann.

Tá Tionscnamh Pailneoirí na hÉireann ag brath go hiomlán ar fhlaithiúlacht na dtaifeadán deonach a ghlacann páirt agus a chuireann sonraí isteach ar bheacha agus ar bheacha ghabhair na hÉireann. Cuireann sé raon deiseanna ar fáil do gach duine rannchuidiú, foghlaim agus páirt a ghlacadh trí thuairisciú a dhéanamh ar radharcanna ócáideacha beacha agus beacha ghabhair agus páirt a ghlacadh sa Scéim Monatóireachta ar Bhumbóga chun do ghairdín a dhéanamh níos cairdiúla do phailniú.

Cuardaigh tuilleadh cláir

Heritagemaps Wbsite

Léarscáileanna Oidhreachta

Aimsigh nó aithin láithreáin oidhreachta agus déan cíoradh ar thacair shonraí oidhreachta áit ar bith in Éirinn.

Léarscáileanna Oidhreachta
Hedgehog Lower Res

Oidhreacht ag Súgradh

Comórtas do dhíograiseoirí brící LEGO® idir 4-12 bliain d’aois bunaithe ar oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha na hÉireann.

Oidhreacht ag Súgradh
HIS

Scéim Oidhreachta sna Scoileanna

Is éard atá i gceist leis an Scéim Oidhreachta sna Scoileanna ná tionscnamh oideachais oidhreachta do bhunscoileanna lena ndéantar cuairteanna ó raon saineolaithe ar oidhreacht nádúrtha, chultúrtha agus thógtha na hÉireann ar scoileanna a éascú.

Scéim Oidhreachta sna Scoileanna