Forléargas
Cuireann an acmhainn oidhreachta is cuimsithí in Éirinn, HeritageMaps.ie ar do chumas raon leathan de shuímh agus de thionscadail a bhaineann leis an oidhreacht a aimsiú.
Tugann HeritageMaps.ie rochtain ar thacar sonraí oidhreachta náisiúnta i bhfoirm léarscáile chomh maithe le sonraí comhthéacsúla breise a ionchorprú ó réimse forleathan d’fhoinsí ar líne
Cuimsíonn sé freisin tacair sonraí atá uathúil don tionscadal seo, mar shampla so-ghabháltacht ithreach do chreimeadh cósta, tacar sonraí músaem agus réimse Suirbhéanna Oidhreacht Contae téamacha.
Féach ar thacair sonraí agus meiteashonraí
Ligeann a scaipeadh suntasach feidhmchlár duit:
- léarscáileanna saincheaptha le tuairimí trasdisciplíneacha a chruthú;
- achar agus fad a mheas;
- láithreacha spéise a aithint
- staidéar a dhéanamh ar fhlóra agus fána áitiúil.
Tá an tionscadal seo á chomhordú ag an gComhairle Oidhreachta, ag obair le líonra Oifigeach Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil. Cuireann sé leis an obair atá déanta ag an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta.
Buntáistí:
Uirlis fhionnachtana a nuashonraítear go leanúnach, atá insroichte agus éasca le húsáid is ea HeritageMaps.ie atá fíorluachmhar do thaighde acadúil, áineasa, áitiúil agus eolaíoch.