Coimeádaithe na hOidhreachta

Cad é scéal d'áit? An bhfuil séadchomharthaí áitiúla nó áiteanna stairiúla ann ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim fúthu nó cuairt a thabhairt orthu? Conas a cumadh an tírdhreach áitiúil – cad iad na gnéithe suntasacha talún nó dobharlach? Cad iad na cineálacha plandaí agus ainmhithe a chónaíonn i d’áit? An bhfuil nósanna agus cultúir áitiúla ar leith ann? Cad as a mbunús?

Is clár saor in aisce é ‘Coimeádaithe na hOidhreachta’ do scoileanna nó pobail a chuirfidh ar a gcumas oibriú le chéile chun oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha a n-áit áitiúil a iniúchadh agus ansin beart nó gníomhartha a phleanáil chun a n-áit a fheabhsú. 

Glacfaidh do ghrúpa nó rang páirt i 5 cheardlann sheachtainiúla, gach ceann acu a mhairfidh thart ar 2 uair an chloig. Is ar líne a reáchtálfar na ceardlanna uile do Choimeádaithe Oidhreachta, seachas i gcás roinnt scoileanna i mBoirinn a chuirfear i láthair go pearsanta.

Ag deireadh an chláir, pleanálfaidh do ghrúpa nó do rang tionscadal a dhéanfaidh gné de den oidhreacht thógtha, chultúrtha nó nádúrtha áitiúil a chur chun cinn nó a chaomhnú.

Reáchtáiltear an Clár Coimeádaithe Oidhreachta i gcomhpháirtíocht le Burrenbeo Trust.

Tuilleadh eolais ag https://burrenbeo.com/hk/ 
Déan teagmháil le Mary Dillon