i mbunscoileanna.

"> i mbunscoileanna.

">
IMG 0186 1

Heritage in Schools TY Pilot Programme 2024/2025

Tá an Treoirchlár Idirbhliana um Oidhreacht sna Scoileanna ina thionscnamh corraitheach nua de chuid na Comhairle Oidhreachta, lena gcuirtear leis an rath atá ar an gclár atá ar bun againn le fada i mbunscoileanna.

Tá an Treoirchlár Idirbhliana um Oidhreacht sna Scoileanna ina thionscnamh corraitheach nua de chuid na Comhairle Oidhreachta, lena gcuirtear leis an rath atá ar an gclár atá ar bun againn le fada i mbunscoileanna.

Leis an treoirchlár seo, cistítear speisialtóirí oidhreachta chun cuairt a thabhairt ar dhaltaí Idirbhliana sna scoileanna rannpháirteacha. Soláthraíonn ár speisialtóirí seisiúin idirghníomhacha ar ghnéithe éagsúla d’oidhreacht na hÉireann, idir stair áitiúil, sheandálaíocht, bhithéagsúlacht, agus scileanna traidisiúnta. Tá na cuairteanna deartha chun tacú leis an gcuraclam agus chun feidhmiú mar uirlis agus acmhainn oideachasúil bhreise do mhúinteoirí.

Gnóthóidh daltaí tuiscint níos doimhne ar an oidhreacht trí iniúchadh a dhéanamh ar láithreacht na hoidhreachta sna háiteanna ina gcónaíonn siad, toisc go n-úsáidfidh speisialtóirí láithreáin oidhreachta, sainchomharthaí tíre stairiúla agus timpeallachtaí nádúrtha sa limistéar áitiúil mar sheomraí ranga beo.

Is é aidhm an chláir tuiscint níos inbhraite ar an oidhreacht agus ar an ról atá aici i saol na hÉireann a chothú i measc daoine óga.

An Dóigh a nOibrítear an Clár

Faigheann na scoileanna rannpháirteacha leithdháiltí cuairteanna agus modúl, a gcistíonn an Chomhairle Oidhreachta iad, lena gcumasaítear do dhaltaí tairbhe a bhaint as seisiúin i bpearsa agus as tionscadail chomhoibríocha. Bíonn na seisiúin sin sa raon idir cuairteanna aonair agus modúil ilseachtaine, agus iad sách solúbtha chun freastal ar na riachtanais atá ag gach scoil. Imríonn scoileanna ról ríthábhachtach maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an gclár freisin trí aiseolas a thabhairt don Chomhairle Oidhreachta ina leith.

Áirítear iad seo a leanas leis na seirbhísí a thairgeann speisialtóirí oidhreachta:

  1. Cuairteanna lae i bpearsa, lena n-áirítear:
    Cuairteanna lánlae (níos mó ná 5 huaire an chloig d’am teagmhála)
    Cuairteanna leathlae (3 huaire go 4 huaire an chloig d’am teagmhála)
    Cuairteanna seisiúin aonair (uair amháin go dhá uair an chloig d’am teagmhála)
  2. Modúil Idirbhliana a fhorbraítear ar bhonn comhoibríoch, lena n-áirítear:
    Sé sheisiún aonair san iomlán in aghaidh an mhodúil (seisiún amháin in aghaidh na seachtaine ar feadh sé seachtaine de ghnáth)
    Am idirchaidrimh agus pleanála idir an speisialtóir oidhreachta agus an múinteoir iomchuí

Glac Páirt sa Chlár

Tugadh cuireadh do na scoileanna rannpháirteacha dul isteach sa chlár le linn théarma samhraidh na bliana 2024. Chun faisnéis níos mine a fháil faoin dóigh a n-oibrítear an clár, léigh an leabhrán faisnéise thíos.

Tuilleadh Faisnéise

Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, nó chun a fhiafraí cén dóigh a bhféadfadh do scoil rollú sa Treoirchlár Idirbhliana, déan teagmháil leis an Dr Eoin Ó Donnchadha, an tOifigeach Forbartha Beartais um Oidhreacht san Oideachas sa Chomhairle Oidhreachta.

Cuardaigh tuilleadh cláir

Landscape

Bealach Bhéarra Bhréifne

An chonair shiúil is faide in Éirinn, rud a thugann deis do shiúlóirí taitneamh a bhaint as réimse mór na dtírdhreach álainn ó Leithinis Bhéarra i gContae Chorcaí go dtí an Bhlaic i gContae an Chabháin.

Bealach Bhéarra Bhréifne
Bru Na Boinne Research Framework

Creat Taighde Bhrú na Bóinne

Déanann an creat measúnú ar an eolas agus taighde reatha faoin Láithreán Oidhreachta Domhanda iontach seo de chuid EOECNA (UNESCO), agus molann sé straitéis le haghaidh taighde amach anseo ar mhaithe lena bhainistiú go hinbhuanaithe.

Creat Taighde Bhrú na Bóinne
Heritage keepers 1

Coimeádaithe na hOidhreachta

Cad é scéal d'áit? An bhfuil séadchomharthaí áitiúla nó áiteanna stairiúla ann ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim fúthu nó cuairt a thabhairt orthu? Conas a cumadh an tírdhreach áitiúil – cad iad na gnéithe suntasacha talún nó dobharlach? Cad iad na cineálacha plandaí agus ainmhithe a chónaíonn i d’áit? An bhfuil nósanna agus cultúir áitiúla ar leith ann? Cad as a mbunús?

Coimeádaithe na hOidhreachta