Ag labhairt di ar na torthaí, dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan: Is cúis imní dúinn an tionchar a bhí ag Covid-19 ar inbhuanaitheacht na hearnála, mar is léir inár suirbhé. Tuigimid go maith an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag saincheisteanna ar nós caillteanas ioncaim agus deacrachtaí sreabhadh airgid sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.
“Tá aithne ar fud an domhain ar Éirinn as a cuid oidhreachta, agus tá an earnáil fíorluachmhar, ní hamháin don turasóireacht agus don gheilleagar i gcoitinne, ach do leas ginearálta na tíre. Leanfaimid de bheith ag comhoibriú lenár gcomhpháirtithe agus déanfaimid breithniú ar na cineálacha tacaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun inbhuanaitheacht na hearnála a chinntiú, de réir mar a athosclaíonn an tír, chun a chinntiú, chomh fada agus is féidir, nach gcailltear an fhostaíocht a thacaíonn sé agus a cuid oibre chun oidhreacht na hÉireann a chaomhnú le linn an téarnaimh iarghlasálaigh. Beidh tacaíocht bhreise a thabhairt don earnáil ina phríomhthosaíocht do 2020 agus 2021.”
Chuir sí leis: “Bhí léaró dóchais ag baint leis na srianta sóisialta a cuireadh i bhfeidhm mar gheall ar COVID-19 - athmhúscailt spéise i measc mhuintir na hÉireann inár n-oidhreacht áitiúil. Le linn na srianta 2km agus 5km, chonaiceamar daoine aonair, teaghlaigh agus pobail ar fud na tíre ag glacadh an t-am lena n-oidhreacht áitiúil a iniúchadh i ndáiríre, ag féachaint ar na séadchomharthaí áitiúla, láithreáin stairiúla, uiscebhealaí, tírdhreacha, plandaí, crainn, éin agus ainmhithe, agus creidimid go gcothóidh sé seo suim fadtéarmach inár n-oidhreacht thógtha agus nádúrtha.”