Tá lear mór eolais san eolaire seo do dhuine ar bith a bhfuil suim aige/aici i dtaighde nó staidéar a dhéanamh, nó i dtuilleadh eolais a fháil faoi gheolaíocht, flóra, fána, aeráid, seandálaíocht, oidhreacht thógtha agus mhuintir chósta na hÉireann.
Forléargas
Is éard atá san Eolaire Oidhreachta Muirí agus Cósta ná cnuasach ar líne de staidéir, suirbhéanna, léarscáileanna agus tagairtí a bhaineann le cósta na hÉireann a críochnaíodh in 2006.
Tionscnamh de chuid na Comhairle Oidhreachta, a thiomsaigh Ger O'Donohoe ó Moore Group, Stephen Nash ó MarCon Computations International Ltd.agus Aengus Parsons, le ranníocaíocht ar Bhéaloideas le Catriona Hastings (GMIT).
Aidhmeanna agus Cuspóirí
Acmhainn d’aon duine ar spéis leo taighde, staidéar a dhéanamh nó tuilleadh eolais a fháil faoi chósta na hÉireann agus na farraigí máguaird agus na réigiúin chósta go ginearálta.
Buntáistí
Léiríonn an raon leathan ábhar atá san eolaire an tionchar iontach atá ag ár bhfarraigí ar gheolaíocht an chósta, ar sheandálaíocht, ar fhlóra, ar fhána agus ar dhaoine.
Soláthraíonn an t-eolaire eolas ar shaintréitheacht agus ar thréithe an chladaigh, ar shaol na mara, ar fhiadhúlra agus ar ghnáthóga cósta, ar thionchar an athraithe aeráide, ar léarscáiliú, ar limistéir speisialta caomhnaithe, cosaint dhlíthiúil d’fhiadhúlra mara agus eile, limistéir agus sonrúcháin oidhreachta nádúrtha, seandálaíocht chósta, oidhreacht thógtha (tithe solais san áireamh), béaloideas agus saol an phobail.
Tá sraith cás-staidéir idirnáisiúnta san eolaire chomh maith le naisc chuig go leor de na heagraíochtaí a bhfuil baint acu le staidéar, bainistiú, forbairt, mapáil agus cosaint ár n-oidhreacht chósta.
Acmhainní
Déan iniúchadh ar na gnéithe iomadúla d’oidhreacht chósta na hÉireann anois trí chuairt a thabhairt ar an acmhainn thar a bheith suimiúil seo ag www.coastalheritage.ie